An té nach foghlaimíonn óna óige, ní foghlaimeoidh sé choíche
Premium Card
•Nathanna Cainte
Life is Full of Twists
Is iomaí cor sa tsaol
Premium Card
•Nathanna Cainte
People Live in Each Other’s Shadow
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine
Premium Card
•Nathanna Cainte
Distant Hills are Greener
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn
Premium Card
•Nathanna Cainte
Sense Comes With Age
Ní thagann ciall roimh aois
Premium Card
•Nathanna Cainte
What is Rare is Wonderful
An rud is annamh is iontach
Premium Card
•Nathanna Cainte
Little Things are Sweet
Bíonn blas ar an mbeagán
Premium Card
•Nathanna Cainte
You Cannot Avoid Fate
Ní féidir an seans a sheachaint
Premium Card
•Nathanna Cainte
There Are Two Sides to Every Story
Bíonn dhá insint ar gach scéal
Premium Card
•Nathanna Cainte
A Light Heart Lives Long
Maireann croí éadrom i bhfad
Premium Card
•Nathanna Cainte
Health is Better Than Wealth
Is fearr an tsláinte ná na táinte
Premium Card
•Nathanna Cainte
God’s Grace is Between Us
Bíonn grásta Dé idir an dá linn
Premium Card
•Essay Phrases
Firstly, This Topic is Important
Ar an gcéad dul síos, caithfidh mé a rá go bhfuil an t-ábhar seo fíorthábhachtach
Premium Card
•Essay Phrases
I Have No Doubt That...
Níl dabht ar bith orm faoi ach go bhfuil...
Premium Card
•Essay Phrases
On the Other Hand
Ar an lámh eile...
Premium Card
•Essay Phrases
As Well As That
Chomh maith leis sin...
Premium Card
•Essay Phrases
For Example
Mar shampla...
Premium Card
•Essay Phrases
On the Contrary
Os a choinne sin...
Premium Card
•Essay Phrases
It is Clear That it is Important
Tá sé soiléir go bhfuil sé fíorthábhachtach...
Premium Card
•Essay Phrases
It is My Opinion That...
Is é mo thuairim go bhfuil...
Premium Card
•Essay Phrases
As a Final Word
Mar fhocal scoir...
Premium Card
•Essay Phrases
There is Strength in Unity, We Must Work Together
Ní neart go cur le chéile, ní mór dúinn a bheith ag obair as lámha a chéile
Premium Card
•Colscaradh
Colscaradh - Téama
Is é téama an dáin ná coimhlint agus teip i bpósadh de bharr mianta difriúla. Shantaigh an fear saol traidisiúnta le clann agus socracht, ach shantaigh an bhean saoirse agus cothromaíocht. Níl aon chomhréiteach le fáil eatarthu agus mar sin, scarann siad. Tugann an file léargas diúltach dúinn ar an bpósadh nuair nach bhfuil tuiscint nó comhoiriúnacht idir an lánúin. Theme: The poem's theme is conflict and failure in marriage due to differing desires. The man wanted a traditional life with family and stability, but the woman wanted freedom and equality. They couldn't find compromise and so separated. The poet gives a negative insight into marriage where understanding and compatibility are missing.
Premium Card
•Colscaradh
Colscaradh - Íomhanna
Úsáideann an file íomhánna simplí ach cumhachtacha chun mianta na beirte a chur os ár gcomhair. Léiríonn an íomhá 'i nead a chine' mianta an fhir maidir le clann agus baile. Léiríonn na híomhánna 'leath den chíste' agus 'saoire thar lear' mianta na mná maidir le saoirse phearsanta agus stádas. Cuireann na híomhánna seo an codarsnacht eatarthu in iúl go soiléir. Imagery: The poet uses simple but powerful imagery to present the couple’s desires. The image 'in the nest of his people' shows the man's wish for family and home. The images 'half the cake' and 'holidays abroad' show the woman's wish for personal freedom and status. These images clearly highlight their contrasting dreams.
Premium Card
•Colscaradh
Colscaradh - Codarsnacht
Tá codarsnacht mhór idir an saol traidisiúnta atá ag teastáil ón bhfear agus an saol nua-aimseartha atá ag teastáil ón mbean. Léiríonn an chéad véarsa grá don bhaile agus don teaghlach, ach léiríonn an dara véarsa dúil i gcothromaíocht, saoirse agus taisteal. Trí úsáid a bhaint as codarsnacht, cuireann an file an teip sa chaidreamh go láidir in iúl. Contrast: There is a strong contrast between the traditional life desired by the man and the modern life desired by the woman. The first verse expresses love for home and family, while the second expresses a desire for equality, freedom, and travel. By using contrast, the poet strongly conveys the breakdown of the relationship.
Premium Card
•Colscaradh
Colscaradh - Mothúcháin
Tá dhá mhothúchán lárnacha sa dán: dóchas agus díomá. Bhí an bheirt ag súil le pósadh sona, ach tháinig díomá nuair a thuig siad nach raibh siad oiriúnach dá chéile. Tá an díomá seo soiléir i líne an gonta: 'Thángthas ar réiteach. Scaradar.' Léiríonn sé deireadh brónach gan grá ná cumarsáid. Emotions: Two central emotions run through the poem: hope and disappointment. Both looked forward to a happy marriage, but disappointment set in when they realised their incompatibility. This disappointment is clear in the stark line: 'They came to a solution. They separated.' It shows a sad ending without love or communication.
Premium Card
•Colscaradh
Colscaradh - Friotal
Úsáideann an file friotal simplí, gonta agus éifeachtach chun téama an dáin a chur in iúl. Tá na línte gearra ag deireadh an dáin, 'Thángthas ar réiteach. Scaradar,' an-éifeachtach agus baineann siad geit as an léitheoir. Léiríonn an friotal lom neamhábaltacht an lánúin teacht ar chomhréiteach. Language: The poet uses simple, concise, and effective language to convey the poem’s theme. The short lines at the end, 'They came to a solution. They separated,' are very effective and shock the reader. The bare language highlights the couple’s failure to reach compromise.
Premium Card
•Géibheann
Géibheann - Téama
Is é téama an dáin ná easpa saoirse agus an dochar a dhéanann daoirse don spiorad. Sa chéad leath den dán, léirítear ainmhí fiáin, bródúil, lán le fuinneamh. Sa dara leath, feicimid ainmhí briste, faoi smacht, gan dóchas. Léiríonn an file an difríocht ollmhór idir an saol atá ag ainmhí saor agus ainmhí faoi ghlas. Dar liom, tá an file ag cáineadh drochíde d'ainmhithe, ach b'fhéidir freisin go bhfuil sí ag caint faoina saol féin agus a streachailt le hailse. - Theme: The poem’s theme is lack of freedom and the damage captivity does to the spirit. In the first half of the poem, a wild, proud, energetic animal is shown. In the second half, we see a broken, controlled animal with no hope. The poet shows the huge difference between the life of a free animal and a captive one. In my opinion, the poet criticises animal cruelty, but perhaps she is also speaking about her own life and her battle with cancer.
Premium Card
•Géibheann
Géibheann - Íomhanna
Tá dhá phríomhíomhá sa dán seo: íomhá den ainmhí fiáin agus íomhá den ainmhí sáraithe. Ar dtús, feicimid an t-ainmhí i gcumhacht ag spaisteoireacht ina ríocht, ag ligint béic as a guth. Sa dara leath, feicimid ainmhí lag, tinn agus tuirseach, suite i gcúinne den zú, ag brath ar dhaoine eile. Cruthaíonn an dá íomhá codarsnacht láidir idir saol na saoirse agus saol na géibheann. - Imagery: There are two main images in this poem: the image of the wild animal and the image of the broken animal. First, we see the animal in power, roaming its kingdom, roaring from the top of its voice. In the second half, we see a weak, tired animal, sitting in the corner of the zoo, depending on others. These two images create a strong contrast between the life of freedom and the life of captivity.
Premium Card
•Géibheann
Géibheann - Codarsnacht
Tá codarsnacht láidir idir an dá leath den dán. Ar dtús, léirítear an t-ainmhí bródúil, fiáin agus lán le fuinneamh. Sa dara leath, léirítear ainmhí atá sáraithe, gan dóchas, agus glactha lena chinniúint. Cuireann an codarsnacht seo an teachtaireacht go héifeachtach in iúl - an dochar a dhéanann géibheann don anam agus don mheon. - Contrast: There is a strong contrast between the two halves of the poem. At first, the animal is proud, wild, and full of energy. In the second half, the animal is broken, hopeless, and resigned to its fate. This contrast powerfully conveys the message - the damage captivity does to the soul and spirit.
Premium Card
•Géibheann
Géibheann - Mothúcháin
Tá bród, cumha agus féin-trua le brath sa dán. Tosaíonn an dán le bród - tá an t-ainmhí ag éileamh a neamhspleáchais agus a chumhachta. De réir mar a théann an dán ar aghaidh, braithimid cumha - tá an t-ainmhí ag cuimhneamh ar a shaol saor. Ag deireadh, tá féin-trua le mothú - tá an t-ainmhí glactha leis an géibheann agus tá sé bréan bailithe den saol. - Emotions: Pride, grief, and self-pity are felt in the poem. It begins with pride - the animal asserting its independence and power. As the poem progresses, we feel grief - the animal remembering its free life. In the end, there is self-pity - the animal has accepted captivity and is tired of life.
Premium Card
•Géibheann
Géibheann - Friotal
Úsáideann an file friotal simplí, gonta agus láidir sa dán seo. Tá an dán scríofa i bhfocail éasca ach tá brí agus mothúchán trom taobh thiar de. Úsáideann sí an aimsir láithreach chun an mothúchán práinneach a léiriú. Tá na línte deiridh 'a ligean amach / ach mé ligthe amach' an-ghonta agus éifeachtach, ag tabhairt léargas scanrúil ar éadóchas an ainmhí. - Language: The poet uses simple, concise, strong language in this poem. The words are easy but heavy with meaning and emotion. She uses the present tense to show the immediacy of the feeling. The final lines 'to let out / but me let out' are extremely stark and effective, giving a shocking insight into the animal’s despair.
Premium Card
•An tEarrach Thiar
An tEarrach Thiar - Téama
Is é grá don áit dhúchais téama an dáin seo. Tugann an file léargas álainn agus síochánta dúinn ar shaol na ndaoine ar Inis Mór. Tá atmaisféar suaimhneach agus síochánta le brath sa dán. Nuair atá strus air i mBaile Átha Cliath, smaoiníonn sé ar a óige ar an oiléan agus ar an saol simplí agus nádúrtha a bhí ann. Tá cion agus meas ollmhór ag an bhfile dá áit dhúchais. - Theme: Love for his native place is the central theme of this poem. The poet gives us a beautiful and peaceful view of life on Inis Mór. A calm and tranquil atmosphere runs through the poem. When the poet feels stress in Dublin, he remembers his youth on the island and the simple, natural life he once had. He shows deep affection and respect for his homeland.
Premium Card
•An tEarrach Thiar
An tEarrach Thiar - Íomhanna
Úsáideann an file ceithre íomhá nádúrtha, simplí agus áille sa dán seo. Feicimid fear ag glanadh cré de spád, íomhá thraidisiúnta den obair thalún. Ansin feicimid fear ag iompar cliabh feamainne, an fheamainn ag lonrú faoin ngrian. Tar éis sin, feicimid mná ag baint feamainne i locháin ar an trá, íomhá ciúin agus síochánta. Sa deireadh, feicimid currach lán le héisc ag teacht i dtír. Cruthaíonn na híomhánna seo pictiúr foirfe d'oileán síochánta agus den obair thraidisiúnta. - Imagery: The poet uses four beautiful, simple natural images. We see a man cleaning clay from a spade, a traditional image of farming life. Then we see a man carrying a basket of seaweed, the red seaweed glistening in the sun. Later we see women collecting seaweed in pools on the shore, a quiet, peaceful image. Finally, we see a currach full of fish arriving at the shore. These images paint a perfect picture of a peaceful island and traditional work.
Premium Card
•An tEarrach Thiar
An tEarrach Thiar - Codarsnacht
Tá codarsnacht ann idir saol na tuaithe a bhfuil suaimhneas agus nádúrthacht ann, agus saol na cathrach a bhfuil strus agus brú air. Cé nach luaitear Baile Átha Cliath go díreach, tuigimid go bhfuil an file ag éalú ón strus uirbeach trína chuimhní ar Inis Mór. Léirítear saol mall, nádúrtha agus foirfe sna híomhánna, i gcodarsnacht lom leis an saol deifriúil, meicniúil sa chathair. - Contrast: There is a contrast between the rural life, full of peace and nature, and the city life, full of stress and pressure. Although Dublin is not mentioned directly, we understand the poet is escaping urban stress through his memories of Inis Mór. The slow, natural and perfect life shown in the images stands in sharp contrast to the rushed, mechanical life of the city.
Premium Card
•An tEarrach Thiar
An tEarrach Thiar - Mothúcháin
Tá grá, cion, cumha agus síocháin le brath go láidir sa dán. Léiríonn an file a ghrá domhain dá áit dhúchais trí chuimhní grámhara ar na radharcanna simplí agus áille. Tá cumha le mothú freisin - braithimid an brón atá air agus é ag smaoineamh siar ar an saol a d'fhág sé ina dhiaidh. Tá síocháin agus suaimhneas mór le brath sna híomhánna agus sa teanga a úsáideann sé. - Emotions: Love, affection, nostalgia, and peace are strongly felt in this poem. The poet shows his deep love for his homeland through affectionate memories of simple and beautiful scenes. Nostalgia is also present - we feel the sadness he feels as he looks back at the life he left behind. There is great peace and tranquility in the images and the language he uses.
Premium Card
•An tEarrach Thiar
An tEarrach Thiar - Friotal
Úsáideann an file friotal lom, simplí agus pictiúrtha chun atmaisféar suaimhneach an dáin a chruthú. Tá ceithre véarsa gearra ann, dírithe ar eachtraí beaga sa ghnáthshaol. Baineann sé úsáid as an aimsir láithreach - tugann sé mothúchán láithreachais agus beocht don dán. Tá an friotal saor ó bhrú nó ó luas - léiríonn sé ciúnas agus cothromaíocht. Tá fuaim álainn agus rithim shéimh sa dán freisin, a chruthaíonn suaimhneas i gcluasa an léitheora. - Language: The poet uses bare, simple and picturesque language to create the calm atmosphere of the poem. There are four short verses, each focusing on small events of everyday life. He uses the present tense - giving immediacy and liveliness to the poem. The language is free from stress or rush - it conveys stillness and balance. There is a beautiful sound and gentle rhythm throughout the poem, creating a peaceful effect on the reader.
Premium Card
•Mo Ghrá-sa
Mo Ghrá-sa - Téama
Is é grá neamhghnách téama an dáin seo. Ní grá traidisiúnta é, bunaithe ar áilleacht fhisiciúil, ach grá atá bunaithe ar thréithe inmheánacha cosúil le cineáltas agus flaithiúlacht. Aithníonn an file nach bhfuil a grá dathúil, ach ní chuireann sé sin isteach ar an ngrá atá aici dó. Tugann sé aire di agus tugann sé úlla agus caora finiúna di - comharthaí de ghrá fíorúil. - Theme: The theme of this poem is unconventional love. It is not a traditional love based on physical beauty but a love built on inner qualities like kindness and generosity. The poet acknowledges that her partner is not handsome, but that does not affect her love for him. He cares for her and gives her apples and grapes - symbols of true, meaningful love.
Premium Card
•Mo Ghrá-sa
Mo Ghrá-sa - Íomhanna
Úsáideann an file íomhánna greannmhara agus samhlaíocha chun pearsantacht a grá a léiriú. Déanann sí cur síos ar shúile a grá a bhfuil siad ró-chóngarach dá chéile, agus sreinge deilgní ag teacht as a cheann - íomhánna neamhghnách agus spraíúla. Ansin, tugann sí íomhánna dearfacha isteach: úlla agus caora finiúna a thugann sé di, ag léiriú a chúraimí agus a ghrá. Cruthaíonn na híomhánna codarsnacht idir cuma seachtrach agus buanna inmheánacha. - Imagery: The poet uses humorous and imaginative images to portray her lover’s character. She describes his eyes as being too close together, and thorny wires growing out of his head - unusual and playful images. Then she introduces positive imagery: apples and grapes he gives her, symbolising his care and love. These images create a contrast between outward appearance and inner goodness.
Premium Card
•Mo Ghrá-sa
Mo Ghrá-sa - Codarsnacht
Tá codarsnacht shoiléir idir na híomhánna gránna agus na híomhánna dearfacha sa dán seo. Ar dtús, díríonn an file ar lochtanna fisiciúla a grá - gan é a chur faoi cheilt. Ach ina dhiaidh sin, léiríonn sí go bhfuil a ghrá bunaithe ar fhlaithiúlacht agus ar ghrá fíorúil, ní ar chuma. Taispeánann an codarsnacht seo nach bhfuil cuma riachtanach chun fíor-ghrá a bhaint amach. - Contrast: There is a clear contrast between the ugly images and the positive images in this poem. At first, the poet focuses on her lover’s physical flaws - without hiding them. But afterwards, she shows that her love is based on generosity and true affection, not appearance. This contrast shows that physical beauty is not necessary for real love.
Premium Card
•Mo Ghrá-sa
Mo Ghrá-sa - Mothúcháin
Tá grá, áthas agus sástacht le mothú go láidir sa dán. Cé nach bhfuil a fear dathúil, tá sí sásta leis mar tá sé lách agus grámhar. Tá áthas uirthi go bhfuil sé fial flaithiúil agus go dtugann sé bronntanais bheaga di, cosúil le húlla agus caora finiúna. Léirítear grá aibí, réalaíoch agus neamhthraidisiúnta sa dán. - Emotions: Love, happiness and satisfaction are strongly felt in this poem. Even though her man is not handsome, she is happy because he is kind and loving. She is pleased that he is generous and gives her small gifts like apples and grapes. The poem shows a mature, realistic and unconventional love.
Premium Card
•Mo Ghrá-sa
Mo Ghrá-sa - Friotal
Úsáideann an file friotal lom, simplí agus greannmhar chun íomhánna láidre a chruthú. Tá cúig véarsa gearra sa dán, rud a thugann rithim thapa agus éifeachtach dó. Baineann sí úsáid as teanga neamhfhoirmiúil, spraíúil agus ó am go chéile magúil chun fíor-luach a grá a léiriú. Úsáidtear lúibíní chun íoróin a chur in iúl freisin, ag cur béime ar a tuiscint ghlic ar an ngrá. - Language: The poet uses bare, simple, humorous language to create strong images. There are five short verses, giving the poem a fast and effective rhythm. She uses informal, playful, and sometimes mocking language to show the real value of her love. Brackets are used to convey irony as well, highlighting her clever understanding of love.
Premium Card
•An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach - Téama
Is é bochtanas agus saol crua na ndaoine íseal an téama sa dán seo. Déanann an file cur síos ar shaol an spailpín a bhí bocht, tinn agus brónach. Bhí feirm ag a mhuintir uair amháin, ach tháinig na Sasanaigh agus ghoid siad í, rud a d'fhág é ag siúl ó áit go háit ag lorg oibre. Léiríonn an dán saol dian, gan mheas, agus an streachailt laethúil chun maireachtáil. - Theme: Poverty and the hard life of the lower classes is the theme of this poem. The poet describes the life of the spailpín, who was poor, sick and sad. His family once had a farm, but the English stole it, leaving him to wander from place to place looking for work. The poem shows a harsh life with no respect, and the daily struggle to survive.
Premium Card
•An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach - Íomhanna
Úsáideann an file íomhánna láidre chun saol crua an spailpín a chur os ár gcomhair. Feicimid é ag siúl sa drúchta go moch ar maidin, ag bailiú galair agus ag fulaingt ó thinneas de bharr obair chrua faoin aer. Luaitear an 'cúrsa leathan láidir' ag taisteal ó áit go háit ag lorg oibre, rud a léiríonn tuirse agus frustrachas. Tá na híomhánna seo brónach agus cruálach. - Imagery: The poet uses strong images to present the harsh life of the spailpín. We see him walking in the dew early in the morning, gathering diseases and suffering from sickness due to hard outdoor work. The 'wide strong course' describes travelling from place to place looking for work, showing exhaustion and frustration. These images are sad and harsh.
Premium Card
•An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach - Codarsnacht
Tá codarsnacht sa dán idir an saol a bhí ag an spailpín sular tháinig na Sasanaigh agus an saol ina dhiaidh sin. Bhí sé uair amháin ag obair ar a fheirm féin, ach anois tá sé ina sclábhaí ar phá íseal. Tá codarsnacht freisin idir an spailpín mar oibrí crua agus na Sasanaigh mar fhorlámhas mídhaonna. Léirítear fear a chaill a dhínit agus a neamhspleáchas. - Contrast: There is contrast in the poem between the spailpín’s life before the English came and his life afterwards. He once worked on his own farm, but now he is a slave for low pay. There is also contrast between the hardworking spailpín and the inhumane dominance of the English. The poem shows a man who lost his dignity and independence.
Premium Card
•An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach - Mothúcháin
Tá brón, fearg agus náire le brath go láidir sa dán. Tá an spailpín brónach mar chaill sé a fheirm agus tá sé tinn go minic. Tá fearg air leis na Sasanaigh a ghoid a mhaoin uaidh. Tá náire air go bhfuil sé ag reic a shláinte ar bheagán pá. Tá frustrachas le mothú freisin mar ba mhaith leis troid ar son a thíre. - Emotions: Sadness, anger and shame are strongly felt in this poem. The spailpín is sad because he lost his farm and is often sick. He is angry at the English who stole his property. He feels shame for having to sell his health for little pay. Frustration is also present, as he would like to fight for his country.
Premium Card
•An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach - Friotal
Úsáideann an file friotal lom, simplí agus díreach chun fírinne ghéar shaol an spailpín a léiriú. Níl aon ornáidíocht sa teanga - léirítear saol crua gan dathú. Tá an friotal an-phearsanta agus údarásach, amhail is go bhfuil an spailpín ag caint linn go díreach. Tá úsáid na teanga béil, simplí, láidir agus éifeachtach chun frustrachas, fearg agus brón a chur in iúl. - Language: The poet uses bare, simple and direct language to show the harsh reality of the spailpín’s life. There is no decoration in the language - the life is presented starkly. The tone is very personal and authoritative, as if the spailpín is speaking directly to us. The use of strong, simple, conversational language powerfully conveys frustration, anger and sadness.
Premium Card
•Gleann Álainn
Gleann Álainn Ról
Tá ról Seosamh an-tábhachtach. Rith sé isteach nuair a bhí na déagóirí os comhair na cúirte. Bhí grianghraif ag Seosamh, agus bhí na fianaise ag Seosamh freisin. Mar sin, bhuaigh na déagóirí an cás, agus ghearr an Breitheamh fíneáil mhór ar na fir dumpála.
Premium Card
•Gleann Álainn
Where is the Gleann Álainn situated
Ag an tús, bhí na déagóirí ar thuras scoile, agus bhí siad ag péinteáil amuigh faoin tuath. Tá an radharc tíre go hálainn. Tá sléibhte, loch, agus portach ann. Faraor, tá bruscar ar an talamh. Ag an deireadh, bhí na déagóirí os comhair na cúirte agus an Breitheamh, i gcoinne na bhfir dumpála. Bhuaigh siad an cás agus ghearr an Breitheamh fíneáil mhór.
Premium Card
•Gleann Álainn
Gleann Álainn Carachtair + 2 fáth
Is breá liom an carachtar Seosamh. Ag an gcéad dul síos, is duine cróga agus diongbháilte é. Nuair a fheiceann sé an bruscar ar an talamh, fhan sé i bhfolach, agus mar a fhios aige go dtiocfaidh na fir dumpála ar ais, thosaigh sé ag spiaireacht orthu. Chomh maith leis sin, ghlac sé grianghraif de na fir. Ag an dara dul síos, dhéanann sé cúiteamh ag an deireadh, nuair a bhí na déagóirí os comhair na cúirte. Faraor, rinne sé dearmad ar na fianaise. Áfach, go tobann, rith sé isteach sa chúirt. Bhí fianaise aige, agus bhuaigh na déagóirí an cás. Ghearr an Breitheamh fíneáil mhór ar na fir. Mar sin, is breá liom an carachtar. Is duine diongbháilte agus cróga é, agus dhéanann sé cúiteamh ag an deireadh.
Premium Card
•Gleann Álainn
Mothúchán Gleann Álainn
Is é uafás an mothúchán is láidre sa dráma 'Gleann Álainn'. Bhí uafás ar na déagóirí nuair a chonaic siad bruscar ar an talamh agus na fir dumpála. Níl aon mheas ag na fir dumpála ar an timpeallacht, agus bhí siad ag dumpáil cannaí, seanleapacha agus málaí plaisteacha. Bhí uafás ar Shinéad nuair a chuala sí na fir ag caint faoina Daid. Bhí uafás uirthi mar bhí a Daid mímhacánta. Bhí uafás ar na déagóirí nuair a thosaigh na fir dumpála ag tabhairt finné eile. Ach ar ndóigh, ghearr an Breitheamh fíneáil uafásach ar na fir ag deireadh an scéil!
Premium Card
•Gleann Álainn
Buaicphointe Gleann Álainn
Bhí na déagóirí os comhair na cúirte i gcoinne na bhfir dumpála, Séamus agus Pádraig. Deir siad go bhfaca siad na fir ag dumpáil amuigh faoin tuath. Faraor, níl aon fhianaise acu, mar rinne Seosamh dearmad ar na grianghraif. Ní chreideann an Breitheamh an scéal, agus deir na fir finné eile nach bhfaca siad rud ar bith. Áfach, go tobann, ritheann Seosamh isteach lena cheamara. Rinne sé cúiteamh. Bhí grianghraif agus fianaise aige. Mar sin, bhuaigh na déagóirí an cás, agus ghearr an Breitheamh fíneáil mhór ar na fir.
Premium Card
•Cúpla
Éile
Is maith liom an carachtar Éile. Ag an gcéad dul síos, is duine díograiseach agus staidéarach í. Déanann sí a dícheall ar scoil, agus caitheann sí an iomarca ama ag staidéar. Mar sin, faigheann sí go leor Aanna agus is dalta den scoth í. Chomh maith leis sin, tá suim mhór aici sa chispheil, agus déanann sí a dícheall ann freisin. Ag an dara dul síos, is duine dílis í, agus bhí sí dílis dá deirfiúr, Sharon. Tá Sharon imithe ar strae. Is minic a fheictear Sharon ag dul amach le buachaillí, ag ól alcóil, nó ag caitheamh tobac. Bhí Éile buartha nuair a chonaic sí Sharon ag teacht abhaile le Jack de Gras. Áfach, níor sceith sí ar Sharon lena tuismitheoirí, mar is duine an-dhílis í agus is deirfiúr den scoth í.
Premium Card
•Cúpla
Sharon
Is fuath liom an carachtar Sharon. Ag an gcéad dul síos, is duine fiáin í. Is léir go bhfuil sí ar strae. Tá sí ag dul amach le buachaillí gan cead, ar son alcóil nó síobanna, agus caitheann sí tobac. Níl aon mheas aici ar a tuismitheoirí agus tá sí ag siúl tríd an saol gan treo. Ag an dara dul síos, is deirfiúr uafásach í. Is minic a fheictear Sharon ag troid le hÉile, agus tá a fhios aici go bhfuil go leor teannais ar Éile, ach is cuma léi. Chomh maith leis sin, chuir sí brú ar Éile chun bréaga a insint dá tuismitheoirí. I mo thuairim, is duine olc í.
Premium Card
•Cúpla
Théama - Cúpla
Is iad na dúshláin a bhaineann le hóige an téama san úrscéal. Tá go leor teannais sa bhaile, agus tá saol Sharon agus saol Éile ina chíor thuathail. Nuair a fuair Sharon amach go raibh caidreamh adhaltrach ar siúl idir a Daid agus múinteoir, bhí sí ar buile, agus is léir go bhfuil fearg an domhain uirthi. Tá go leor teannas idir Daid agus Mam freisin. Chomh maith leis sin, glacann brú na scoile páirt mhór sa scéal, agus mar gheall ar scoil agus obair scoile, tá Éile faoi gruama. Uaireanta, labhraíonn sí lena capall faoina cuid fadhbanna! Freisin, tá Sharon ar strae, agus go minic, tá sí ag dul amach le roinnt buachaillí gan cead, cosúil le Mícheál Ó Laoire nó Jack de Gras, ar son síobanna nó alcóil. Caitheann sí tobac agus ólann sí alcól, agus is léir go bhfuil sí dána.
Premium Card
•Cúpla
Buaicphointe
Tarlaíonn an bhuaicphointe ag deireadh an scéil, nuair a bhí timpiste ar an mbóthar le Sharon, Mícheál Ó Laoire, agus tuismitheoirí Sharon. Bhí Sharon i dtrioblóid ag an gcoláiste, ach sheol sí téacsanna dá tuismitheoirí go raibh sí ag teacht abhaile. Áfach, bhí sí ag teacht abhaile sa charr le Mícheál Ó Laoire, agus d'ól siad alcól agus d'úsáid siad drugaí. Bhí Sharon ag tiomáint an chairr faoi thionchar an alcóil agus drugaí. Mar gheall air sin, faraor, tharla timpiste ar an mbóthar agus bhuail sí an carr le carr eile. Nuair a dhúisigh Sharon, fuair sí amach faoin timpiste: fuair Mícheál agus a Daid bás, agus gortaíodh cos a Mham go dona.
Premium Card
•Dís
Luaigh príomhcharachtair an scéil 'Dís'.
Beirt phríomhcharachtar atá sa scéal 'Dís' fear céile agus bean chéile. Tá post ag an bhfear agus bíonn sé tuirseach traochta nuair a fhilleann sé abhaile gach lá. Is duine traidisiúnta agus leanúnach é, gan mórán meas aige ar a bhean chéile. Tugann sé neamhaird uirthi agus léirítear níos mó spéise aige sa pháipéar ná sa chomhrá léi. Tá fonn ar an bhfear tost agus síocháin a fháil tar éis an lae. Is bean an tí í an bhean, ach ní oireann an múnla traidisiúnta di. Tá sí bréan bailithe den saol baile agus mothaíonn sí mar phríosúnach. Tá sí ag iarraidh post a fháil, rud a chuireann fearg ar a fear céile. Níl ainm ag an mbean sa scéal, rud a léiríonn a neamhfhiúntacht agus neamhaitheantas sa tsochaí. ('Mention the main characters of the story Dís. There are two main characters, a husband and wife. The husband has a job and is exhausted returning home every day. He is traditional and conservative, showing little respect for his wife. He ignores her, showing more interest in his newspaper. He craves peace and silence. The wife, however, does not suit the traditional mould. She is fed up with house life, feels like a prisoner, and wants to get a job, which angers her husband. The wife's lack of a name highlights her worthlessness and anonymity in society.')
Premium Card
•Dís
Cad é príomhthéama an scéil 'Dís'?
Is é saoirse agus stádas íseal na mná príomhthéama an scéil. Léirítear frustrachas an mná, atá faoi smacht a fir chéile agus teoranta ina saol laethúil. Bhí róil docht ann sa phósadh traidisiúnta: bhí ar na fir dul ag obair agus ar na mná fanacht sa bhaile gan chomhluadar. Bhí eagla ar an bhfear go mbeadh na comharsana ag cabaireacht dá mbeadh sí ag obair, rud a léiríonn an cultúr seobhaineach. Tá an téama comhionannais le sonrú freisin, ag léiriú conas a caitheadh le mná mar shaoránaigh den dara grád. ('What is the main theme of the story Dís? The main theme is women's freedom and low status. The woman's frustration is shown as she lives under her husband's control and in a limited role. Traditional marriage had rigid roles: men worked, women stayed home alone. The husband's fear of gossip if his wife worked reflects a sexist culture. The theme of equality is also visible, showing women treated as second-class citizens.')
Premium Card
•Dís
Conas a léirítear frustrachas na mná sa scéal 'Dís'?
Léirítear frustrachas na mná trína mothúcháin agus gníomhartha. Tá sí bréan den saol baile, ag déanamh obair tí gan aitheantas. Má bhíonn an teach salach, cáineann an fear í; má bhíonn sé glan, tugann sé neamhaird air. Mothaíonn sí mar phríosúnach sa teach, sáinnithe leis an bpáiste. Tá fonn cainte uirthi ach níl tacaíocht ar bith aici. Nuair a luaitear fostaíocht, téann fearg ar a fear céile, ag cur lena frustrachas agus éadóchas. ('How is the woman's frustration shown in Dís? It is shown through her feelings and actions. She is fed up with household life, working without recognition. If the house is dirty, her husband blames her; if clean, he ignores it. She feels trapped in the house, stuck with the child. She longs to talk but gets no support. When she mentions getting a job, her husband gets angry, increasing her frustration and despair.')
Premium Card
•Dís
Conas a úsáidtear greann sa scéal 'Dís'?
Baintear úsáid shuntasach as an ngreann trí idirphlé agus íoróin. Fanann an fear taobh thiar den nuachtán, ag freagairt le 'Huh?' agus 'Sea', rud a léiríonn an neamhshuim atá aige. Tá íoróin láidir nuair a deirtear 'Cad eile a bheadh ag mná ná leanbh?' Taispeánann an scéal conas a aontaíonn an bhean leis an gcóras ar dtús ach ansin ionsaíonn sí é. Críochnaíonn an scéal ar nóta greannmhar ach scéirdiúil, leis an bhfear ina chodladh agus an bhean fós ag caint. ('How is humour used in Dís? Humour is strongly used through dialogue and irony. The man hides behind his newspaper, answering curtly with Huh? and Yes, showing disinterest. There's sharp irony in the phrase What else would a woman have but a child? The woman first accepts the system but later attacks it. The story ends on a bleak yet humorous note, with the man asleep and the woman still talking.')
Premium Card
•Dís
Conas a úsáideann an scéal stíl shainiúil chun an téama a chur in iúl?
Úsáideann 'Dís' stíl chomhrá éifeachtach chun saol teoranta na mná a chur os ár gcomhair. Tá an suíomh, fear ag léamh nuachtáin agus an bhean ag iarraidh comhrá, réalaíoch agus inchreidte. Cuidíonn sé seo leis an léitheoir tuiscint níos fearr a fháil ar an míchothromaíocht agus ar an bhfadhb chumarsáide sa phósadh. ('How does the story use a distinctive style to convey the theme? Dís uses an effective conversational style to present the woman's limited life. The setting, the man reading a newspaper while the woman tries to talk, is realistic and believable. This helps the reader better understand the inequality and communication problems in the marriage.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Lisín
Is í Lisín príomhcharachtar an ghearrscéil seo. Ar an ndromchlá, is léir gur bean foirfe í: tá fear céile saibhir aici, tá clann sona aici, agus tá na comharsana in éad léi. Bíonn sí gníomhach i go leor clubanna agus eagraíochtaí, ní ar mhaithe le carthanacht, ach chun a stádas a threisiú. Tá sí álainn, tanaí agus galánta, agus bíonn sí i gcónaí gléasta suas. Tá sí an-eagraithe agus tá sí fiche bliain pósta, le gach rud ullmhaithe go foirfe don chóisir. Mar sin féin, tá sí éadomhain agus ábharach: díríonn sí ar sónna an tsaoil agus déanann sí faillí ar luachanna fíor, cosúil le sonas an teaghlaigh. Is duine údarásach í freisin; tá sí i gceannas ar a fear céile, Pól, agus bíonn eagla ar dhaoine easaontú léi. ('Lisín is the main character of this short story. On the surface, she seems perfect: she has a wealthy husband, a happy family, and neighbours jealous of her. She is active in many clubs and organisations, not for charity but to enhance her status. She is beautiful, slim and glamorous, always dressed up. She is highly organised, having been married for twenty years with everything prepared perfectly for the party. However, she is shallow and materialistic, focusing on luxuries and neglecting true values like family happiness. She is also authoritative, dominating her husband Pól, and people are afraid to disagree with her.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Pól
Is fear é Pól atá athraithe go mór le himeacht ama. Nuair a bhuail Lisín leis, bhí sé mí-aibí agus aineolach, ag obair i siopa. Mar sin féin, mhúnlaigh Lisín é agus, dá bharr sin, is fear gnó rathúil agus uaillmhianach é anois. Tá sé ag obair mar léachtóir agus tá a mhaoin déanta aige trí infheistíochtaí cliste sna stocmhargaí. Tá arasáin ceannaithe aige ar fud na hEorpa agus tá sé ag baint taitnimh as a shaol nua saibhir. Ach fós, tá sé fós faoi smacht Lisín agus níl aon chumhacht dáiríre aige sa bhaile. ('Pól is a man who has changed greatly over time. When Lisín met him, he was immature and ignorant, working in a shop. However, Lisín moulded him and, thanks to her, he is now a successful, ambitious businessman. He works as a lecturer and has made his fortune through clever investments in the stock markets. He has bought apartments across Europe and enjoys his new wealthy life. Yet, he remains under Lisín's control and has little real power at home.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Ruán
Is déagóir é Ruán agus níl caidreamh oscailte aige lena mháthair, Lisín. Cé go molann sí é go hard na spéire, níl sé sásta léi i ndáiríre. Ní insíonn sé an fhírinne di i gcónaí, mar go mothaíonn sé brú ollmhór ón íomhá foirfe atá aici. Mar shampla, tá strus na hArdteiste ag cur isteach go mór air, ach b'fhearr leis rud éigin a rá a dhéanfaidh Lisín sásta seachas a chuid fíor-mhothúchán a roinnt. Cuireann a máthair lagmhisneach air agus mothaíonn sé nach féidir leis bheith dáiríre léi. ('Ruán is a teenager who does not have an open relationship with his mother, Lisín. Although she praises him highly, he is not truly happy with her. He often does not tell her the truth because he feels huge pressure from her image of perfection. For example, the stress of the Leaving Cert greatly affects him, but he prefers to say something that will please Lisín rather than share his real feelings. His mother disheartens him, and he feels he cannot be genuine with her.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Téama
Is é saol ábharach na ndaoine le linn ré an Tíogair Cheiltigh príomhthéama an scéil seo. Léirítear sochaí atá gafa le saibreas agus íomhá sheachtrach. Tá daoine cosúil le Lisín ag caitheamh suime iomarca ar rudaí ábhartha cosúil le bia agus cóisirí, agus ag tréigean luachanna fíor, mar shampla spiorad pobail agus grá teaghlaigh. Cé go bhfuil gach rud gealgháireach ar an dromchl��, léirítear fadhbanna pearsanta agus míshonas má léitear idir na línte. ('The main theme of this story is the materialistic life of people during the Celtic Tiger era. It shows a society obsessed with wealth and external image. People like Lisín focus too much on material things like food and parties, abandoning real values such as community spirit and family love. Although everything appears cheerful on the surface, personal problems and unhappiness are revealed when reading between the lines.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Aoir
Úsáideann an scéal seo aoir an-ghlic chun an saol ábharach agus seafóideach a léiriú. Déantar magadh faoi na carachtair cosúil le Lisín agus a comharsana, a chaitheann a saol ag iarraidh cuma foirfe a chur orthu féin. Tá searbhas le sonrú sa sloinne 'Albright', ag léiriú nach bhfuil siad i ndáiríre chomh foirfe agus a cheapann siad. Níl an t-údar ró-thuisceanach i leith an chineáil saoil seo agus cáineann sí é go géar trí aoir agus íoróin. ('This story uses clever satire to show the materialistic and foolish life of the characters. Characters like Lisín and her neighbours are mocked for living their lives trying to appear perfect. There is sarcasm in the surname Albright, showing they are not truly as perfect as they think. The author is critical of this lifestyle and highlights its flaws through satire and irony.')
Premium Card
•Hurlamaboc
Hurlamaboc - Suíomh
Tá suíomh an scéil suite i mbruachbhaile saibhir i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ar Ascaill na Fuinnseoige. Tá béim mhór ar an áilleacht sheachtrach agus ar an stádas sa chomharsanacht seo. Tá gach bean tanaí agus fionn, agus gach fear liath agus dorcha, rud a léiríonn an béim a cuireadh ar an gcuma fhisiciúil. Cruthaíonn an suíomh atmaisféar den tsochaí shaibhir agus ábharach a bhí i réim le linn an Tíogair Cheiltigh. ('The story is set in a wealthy suburb in south Dublin, on Ascaill na Fuinnseoige. Great emphasis is placed on external beauty and status in this neighbourhood. Every woman is slim and blonde, and every man is grey and dark, showing the importance given to physical appearance. The setting creates an atmosphere of the wealthy and materialistic society during the Celtic Tiger era.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Pól
Is duine cainteach, cairdiúil é Pól a bhfuil fonn cainte air ón tús. Tá sé ag baint suilt as an turas agus ag caint gan stad, cé go bhfuil drochbhéasa aige, ag scaoileadh príoslaí agus ag ithe go truaillitheach. Tá éalanga air freisin: tá sé dall agus tagann taomanna asma air go minic. Níl sé in ann fiú an siúcra a chur ina chaife gan stró. Is duine saonta agus soineanta é, a bhfuil muinín aige as Catherine ón tús, ach go mí-ádhúil dó, íocann sé go daor as an muinín sin. ('Pól is a chatty, friendly person with a strong desire to talk from the start. He enjoys the journey and talks non-stop, although he has bad manners, spilling food and eating messily. He also has disabilities: he is blind and suffers frequent asthma attacks. He cannot even put sugar in his coffee easily. He is a naive and innocent man, trusting Catherine from the beginning, but sadly he pays dearly for that trust.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Catherine
Is duine fuarchúiseach, mailíseach í Catherine. Tá sí bréan den saol agus den dualgas cúraim ar a máthair. Ar an traein, teastaíonn uaithi ciúnas agus léitheoireacht, ach cuireann Pól isteach uirthi. Mar a théann an turas ar aghaidh, léirítear a mífhoighne agus a fearg. Mar dhíoltas, insíonn sí bréaga do Phól, ag imirt cluichí intinne leis. Faigheann sí sult saofa as a mhearbhall agus nuair a thagann taom asma air, bogann sí an t-analóir as a ghréim gan trócaire. Ní féidir a shéanadh gur dúnmharfóir cruálach í Catherine. ('Catherine is a cold-hearted, malicious person. She is fed up with life and the burden of caring for her mother. On the train, she seeks peace and quiet to read, but Pól disturbs her. As the journey progresses, her impatience and anger become clear. In revenge, she tells Pól lies and plays mind games with him. She derives perverted pleasure from his confusion, and when he suffers an asthma attack, she cruelly moves his inhaler out of reach. It cannot be denied that Catherine is a cruel murderer.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Téama
Is é an téama ná leochaileacht daoine míchumasacha agus an chruálacht a tharlaíonn ina leith. Léiríonn an scannán cé chomh furasta is atá sé mí-úsáid a bhaint as daoine éagumasacha. Tá an chruálacht a léiríonn Catherine i leith Pól an-scanrúil, agus cuireann críoch an scéil eagla ar an lucht féachana. Léirítear freisin an fadhbanna agus na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag daoine míchumasacha gach lá. ('The theme is the vulnerability of disabled people and the cruelty inflicted upon them. The film shows how easy it is to exploit disabled individuals. Catherine's cruelty towards Pól is shocking, and the ending of the story frightens the audience. It also highlights the problems and obstacles that disabled people face daily.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Codarsnacht
Tá codarsnacht shuntasach idir Catherine agus Pól: Catherine ag iarraidh ciúnas agus aonrú, agus Pól ag iarraidh comhrá agus cairdeas. Tá codarsnacht freisin idir an leabhar rómánsúil a léann Catherine agus an réaltacht bhrónach ina bhfuil sí sáite. Tá codarsnacht idir an áilleacht fhantaisíoch sa leabhar agus an samhnas a mhúsclaíonn Pól inti. ('There is a striking contrast between Catherine and Pól: Catherine seeks peace and isolation, while Pól seeks conversation and friendship. There is also a contrast between the romantic novel Catherine reads and the grim reality she faces. A contrast exists between the fantasy beauty in the novel and the disgust Pól evokes in her.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Idirghníomh
Úsáidtear idirghníomh chun an caidreamh briste idir na carachtair a léiriú. Léiríonn teanga an choirp — cos ag bualadh, cos a tharraingt siar — nach bhfuil Catherine ag iarraidh caidreamh le Pól. Tá idirghníomh teoranta eatarthu, rud a léiríonn an teannas agus an míshuaimhneas sa scéal. ('Interaction is used to portray the broken relationship between the characters. Body language — a foot tapping, a leg pulling away — shows Catherine’s unwillingness to engage with Pól. There is limited interaction between them, highlighting the tension and discomfort present in the story.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Gar-Amharc
Úsáidtear gar-amharc chun béim a chur ar mhionsonraí míthaitneamhacha: béal Pól ag slogadh agus ag ithe go salach, aoibh fuarchúiseach Catherine nuair a dhéanann sí mailís. Léiríonn na gar-amhairc neamhshuim Catherine i bhfolláine Phóil agus an chruálacht ina súile. ('Close-up shots are used to emphasize unpleasant details: Pól’s mouth gulping and eating messily, and Catherine’s cold smile as she acts maliciously. The close-ups show Catherine’s indifference to Pól’s wellbeing and the cruelty visible in her eyes.')
Premium Card
•Cáca Milis
Cáca Milis - Suíomh
Tá an suíomh ar an traein an-éifeachtach: cuireann sé daoine nach bhfuil aithne acu ar a chéile gar dá chéile, gan éalú. Cruthaíonn sé teannas agus coimhlint. Tá sé mar mheafar freisin don tsochaí nua-aimseartha: daoine in éineacht ach scartha óna chéile, gach duine gafa ina saol féin. ('The setting on the train is very effective: it forces strangers together in close quarters, with no escape. It creates tension and conflict. It also acts as a metaphor for modern society: people together but isolated, each absorbed in their own lives.')
Premium Card
•An Triail
An Triail - Téama
Is é téama an dráma 'An Triail' ná imeallú i sochaí na hÉireann. Léirítear go soiléir é seo trí shaol cráite Mháire. Déantar í a imeallú ag gach leibhéal — ag a teaghlach, ag Pádraig, ag an eaglais, ag a fostóirí, agus ag an tsochaí trí chéile. Baintear úsáid as carachtair steiréitíopacha agus teicnící drámatúla cosúil le iardhearcadh agus croscheistiú chun an fímineacht agus easpa carthanachta sa tsochaí a nochtadh. ('The theme of the play 'An Triail' is isolation in Irish society. This is clearly shown through Máire's tragic life. She is marginalized at every level — by her family, by Pádraig, by the church, by her employers, and by society as a whole. Stereotypical characters and dramatic techniques like flashback and cross-questioning are used to expose hypocrisy and lack of charity in society.)
Premium Card
•An Triail
An Triail - Máire
Is í Máire príomhcharachtar an dráma. Cailín soineanta, ciúin agus cúthail í a tháinig ó theaghlach coimeádach. Bhí sí dílis dá máthair agus chreid sí gach rud a dúirt Pádraig léi. Bhí grá mór aici dá hiníon agus throid sí go misniúil i gcoinne córas a raibh fimíneacht agus brú sóisialta i réim ann. Sa deireadh, bhris a croí, agus rinne sí dúnmharú agus féinmharú. B'íobartach í de shlíth Pádraig agus na sochaí a thréig í. ('Máire is the main character of the play. She is an innocent, quiet, and shy girl from a conservative family. She was loyal to her mother and believed everything Pádraig told her. She loved her daughter dearly and fought bravely against a hypocritical and judgmental system. Ultimately, her heart was broken, leading to murder and suicide. She was a victim of Pádraig's deceit and a society that abandoned her.)
Premium Card
•An Triail
An Triail - Pádraig
Is é Pádraig an duine is cúisí le tragóid Mháire. Is múinteoir mídhílis, mealltach agus leithleach é. Chleacht sé cleasa chun Máire a mhealladh agus a úsáid dá leas féin. Rinne sé pósadh bréagach léi, thréig sé í nuair a d’éirigh sí torrach, agus shéan sé fiú a leanbh féin. D'úsáid sé a stádas sa tsochaí chun leas a bhaint aisti. Thiomáin sé Máire chun éadóchas agus tragóid. ('Pádraig is the main cause of Máire's tragedy. He is an unfaithful, manipulative, and selfish teacher. He used tricks to seduce Máire and exploit her for his own benefit. He conducted a fake marriage, abandoned her when she became pregnant, and even denied his own child. He used his social status to his advantage. He drove Máire to despair and tragedy.)
Premium Card
•An Triail
An Triail - Teicnící Drámatúla
Baineann 'An Triail' úsáid as teicnící cosúil le garsúin nuachta, iardhearcadh, agus radhairc ghonta chun luas, drámatúlacht agus fírinne mhothúchánach a chruthú. Feidhmíonn an croscheistiú chun fimíneacht na sochaí a léiriú. Mar lucht féachana, braithimid go bhfuilimid mar chuid den dráma, ar nós giúiré a chaithfidh breithiúnas a thabhairt. ('An Triail' uses techniques such as newsboys, flashbacks, and sharp, concise scenes to create pace, drama, and emotional truth. Cross-examination highlights the society’s hypocrisy. As the audience, we feel like participants, acting as a jury that must deliver a verdict.)